An Bord

1. FERGUS MCARDLE
(CATHAOIRLEACH)
Ceapadh Fergus McArdle (55) don Bhord i mí na Samhna 2002 agus ina Chathaoirleach
i Meán Fómhair 2004. Tá sé ina pháirtnéir sinsearach ag KMR Registered
Auditors. Comhalta é ó 1978 de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte.
Tá punann leasanna gnó pearsanta aige, agus tá stiúrthóireachtaí aige i gComhlachtaí
Déantúsaíochta, Seirbhíse agus Réadmhaoine. Fónann sé freisin ar bhonn neamhbhrabúsach
ar chomhlachtaí gnó, spóirt agus carthanachta.
2. GABRIEL D’ARCY
(STIÚRTHÓIR BAINISTÍOCHTA)
Ceapadh Gabriel D’Arcy (50) mar Stiúrthóir Bainistíochta i mí Feabhra 2008. Sular
thosaigh sé le Bord na Móna, bhí roinnt post bainistíochta aige leis an Kerry
Group, an ceann is deireannaí ná Stiúrthóir Tráchtála, Kerry Ingredients
Europe. Bhí sé in Chaptaen sna Fórsaí Cosanta roimhe sin. Tá B.Sc (Onóracha)
aige ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, MSc ó Choláiste na hOllscoile,
Baile Átha Cliath, M.B.A. ón Scoil Ghnó in Ollscoil Kingston, mar aon le
hArd-Dioplóma i gCleachtas Bainistíochta ó Ollscoil Uladh. Ball den Institiúid
Stiúrthóirí é.
3. Gabriel Cribbin
Ceapadh Gabriel Cribbin (63) don Bhord den chéad uair i Meán Fómhair 2005
agus ceapadh arís é i nDeireadh Fómhair 2008. Tá sé ina chomhúinéir
agus Stiúrthóir Bainistíochta ar Summerhill Lawns, comhlacht a chuireann
seirbhísí garraíodóireachta ar fáil. Ball de Chomhairle Contae na Mí é le
20 bliain anuas agus bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Bhord Forbartha
Contae na Mí.
4. Rory Scanlan
Ceapadh Rory Scanlan (63) don Bhord den chéad uair i mí Bealtaine
2002 agus ceapadh arís é i mí an Mheithimh 2007. Comhairleoir díolacháin
agus bainistíochta é agus tá sé ina údar ar “Professional Selling Skills”. Stiúrthóir
ar Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann é mar aon le roinnt cuideachtaí príobháideacha
agus tá tréimhsí caite aige mar stiúrthóir ar roinnt Cuideachtaí Stáit, lena
n-áirítear Fóir Teoranta agus an Bord Tráchtala.
5. Conor Skehan
Ceapadh Conor Skehan (51) don Bhord i mí Bealtaine 2008. Bhí sé ina
bhunaitheoir ar roinnt sainchomhairleachtaí proifisiúnta agus tá sé ina Cheann
Roinne faoi láthair ar an Roinn Comhshaoil agus Pleanála ag DIT. Is
iad na speisialtachtaí atá aige ná seirbhísí Fadbhreathnaitheachta, Cosaint
Comhshaoil agus Pleanáil Straitéiseach ar fud réimse earnálacha lena n-áirítear
tionscail, fuinneamh agus turasóireacht.
6. Peter Wyer
Ceapadh Peter Wyer (60) don Bhord i mí Bealtaine 2008. Tá Céim aige
i dTráchtáil agus i nDlí ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sé tréimhse
ama i mBancéireacht Mharsantach agus ansin d'aistrigh sé go dtí an réimse
díolacháin, áit ar chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre. Thosaigh sé le
Arch Motors Ltd. Gaillimh in 1976 áit a bhfuil sé ina Stiúrthóir Díolacháin
agus Rúnaí Cuideachta anois. Tá sé ina stiúrthóir freisin ar roinnt
cuideachtaí gaolmhara eile.
7. Paudge Bennett
Ceapadh Paudge Bennett (55) don Bhord i mí Eanáir 2007 de réir an Achta um
Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988. Thosaigh
sé le Bord na Móna mar oibrí séasúrach in 1973 agus tá sé ina bhall den fhoireann
bhuan ó 1975. Tá sé ina stórasóir ag Oibreacha Boora ó shin. Bhí sé ina Iontaobhaí
ar Scéimeanna Pinsean Bhord na Móna ar feadh 11 bliain go dtí 2006.
8. Paddy Fox
Ceapadh Paddy Fox (60) don Bhord i mí Eanáir 1999 agus ceapadh arís in 2003
agus 2007 é de réir an Achta um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit),
1977 agus 1988. Thosaigh sé le Bord na Móna mar oibrí séasúrach in 1970 agus
tá sé ina bhall den fhoireann bhuan ó 1975. Ta sé in cheannaire foirne
ó 1990. Tá Dioplóma aige i mBainistíocht agus i gCaidrimh Thionsclaíocha.
9. Pat Kane
Ceapadh Pat Kane (59) don Bhord i mí Eanáir 2007 de réir an Achta um Páirteachas
Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988. Thosaigh sé le Bord na
Móna mar oibrí séasúrach in 1965 agus tá sé ina bhall den fhoireann bhuan
ó 1966. Bhí poist éagsúla aige laistigh den Chuideachta.
10. Paddy Rowland
Ceapadh Paddy Rowland (41) don Bhord i mí Eanáir 2003 agus ceapadh arís é
i mí Eanáir 2007 de réir an Achta um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit),
1977 agus 1988. Thosaigh sé le Bord na Móna in 1984 mar phrintéiseach
feisteora d’oibrigh sé i bhFuinneamh Móna mar Línitheoir agus faoi láthair
tá sé ina bhall den fhoireann Cumarsáide Corparáid i nDroichead Nua. Comhalta
de Chomhairle Baile Thulach Mhór ó 2004 é agus toghadh arís é in 2009.
11. Rose McHugh
Tá Rose McHugh (45) ina Ceannasaí ar oifig na Mumhan de chuid Merrion Capital
a bunaíodh i gCorcaigh in 2006. Soláthraíonn Merrion Capital réimse leathan
seirbhísí do chliaint i ndáil le bainistíocht rachmais agus airgeadas corparáideach.
Sular thosaigh sí le Merrion, bhí Rose ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ag
SWS Group, grúpa seirbhísí éagsúlaithe agus fuinnimh inathnuaite. Bhí Rose
ina Stiúrthóir ar Chánacha le Ernst and Young roimhe sin. Ceapadh Rose
mar chathaoirleach ar Bhord Bord Iascaigh Mhara i mí an Mheithimh 2006. Tá
Rose ina comhalta den Institiúid Cuntasóirí Cairte na hÉireann. Tá
céim onóracha aige i ndlí ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Ball comhlach
í den Institiúid Cánachais in Éirinn agus i 2000 chríochnaigh sí MBA ag Ollscoil
na hÉireann, Corcaigh.
12. David Taylor
Ceapadh David Taylor (63) don Bhord i mí an Mheithimh 2009. Is comhairleoir
neamhspleách straitéiseach é maidir le fuinneamh inbhuanaithe agus tá cáilíochtaí
proifisiúnta aige in innealltóireacht (BE Ceimiceach) agus i mbainistíocht
(Msc Bainistíocht). Tugann sé comhairle do Chomhchoiste an Oireachtais ar
Athrú Aeráide agus ar Shlándáil Fuinnimh ar shaincheisteanna i ndáil le fuinneamh
inbhuanaithe agus le slándáil fuinnimh. Bhíodh sé ina Phríomhfheidhmeannach
ar Fhuinneamh Inmharthana Éireann agus tá ionadaíocht déanta aige ar leasanna
Rialtas na hÉireann i ndáil le taighde agus forbairt fuinnimh ag an AE agus
ag an nGníomhaireacht Fuinnimh Idirnáisiúnta.
